Gníomhaíochtaí
Tá cuid den tírdhreach is áille in Éirinn ar fáil i nGaoth Dobhair. Gach lá i rith do shaoire le Gaelturas rachaidh tú ar thuras treoraithe sa cheantar. Beidh na turais á reáchtáil i nGaeilge agus i mBéarla ag daoine áitiúla a bhfuil aithne níos fearr acu ar Ghaoth Dobhair ná mar atá ag aon duine eile. Beidh na turais roinnt i dtrí aicme: Tránna agus Gaotha, Oileáin agus Sléibhte.
Sléibhte
Is é an tAireagal maorga an sliabh is airde i sliabhraon Dhoire Bheatha. Is dócha gurb é an tAireagal an sliabh is fusa a aithint in Éirinn mar gheall ar a chruth cóin a bhíonn ag síorathrú le creimeadh na grianchloiche ar a mhalaí. Tá ceantar sléibhtiúil Ghaoth Dobhair mar chúlra do chuid mhaith de mhiotaseolaíocht agus de stair an cheantair. Ar na siúlóidí sléibhe cloisfidh tú scéalta fá Lughaidh Lámh Fhada, dia an tsolais, agus a sheanathair diabhlaí Balar Balcbhéimneach nó Balar na Súile Nimhe agus an comhrac iontach a bhí eatartha i nGleann Nimhe faoin Aireagal. Is as an comhrac sin a fhaigheann an gleann a ainm. Tá a scéalta féin ag Loch Altan agus Mucais mar a mbeidh siúlóidí á n-eagrú fosta.
Tránna agus Gaotha
Tá tránna áille geala i nGaoth Dobhair agus sa limistéar máguaird, agus cuanta nó gaotha fíoráille gearrtha amach ag an aigéan Atlantach ar an chósta, dóibh siúd a bhfuil spéis acu san fharraige. Tá na tránna áitiúla spéisiúil, ní hamháin ó thaobh stair na háite, ach ó thaobh plandaí, fiadhúlra agus feithidí. Beidh tú ag foghlaim faoi fheithidí agus plandaí nár chuala tú iomrá orthu tiamh cheana agus ag foghlaim a n-ainmneacha Gaeilge le linn na dturas treoraithe ar na tránna. Is cuas nó góilín é an Gaoth a thugann a ainm do Ghaoth Dobhair, a scarann paróistí Ghaoth Dobhair agus na Rosa óna chéile, agus is gné spéisiúil ann féin é de thírdhreach an cheantair. Is sa Ghaoth a chónaigh na daoine a tháinig go dtí an ceantar den chéad uair sé mhíle bliain ó shin ar a laghad. Tá baint láidir ag an cheantar le hArmada na Spáinne fosta. Tugtar Tobar na Spáinneach ar thobar sa cheantar, agus dar leis an bhéaloideas bhíodh longa na Spáinne ag teacht suas an Ghaoth le deisiúcháin a dhéanamh agus thángthas ar bhoinn airgid Spáinneacha sa ghaineamh nuair a bhí lagthrá ann.
Na hOileáin

Níl aon chónaí buan ar na hoileáin ar chósta Ghaoth Dobhair faoi láthair. Tá tithe saoire ag daoine áitiúla tithe ar na hoileáin, a fuair siad óna muintir nuair a tréigeadh na hoileáin den chuid is mó sna 1950í déanacha agus sna 1960í. Tá go leor de na seantithe gan athrú ón lá a tréigeadh iad agus dá thoradh sin tig linn spléachadh an-spéisiúil a fháil ar an saol a bhí ag na hoileánaigh thart fá 60 nó 70 bliain ó shin. Beidh turais threoraithe á dtabhairt ag daoine a chaitheann an samhradh ina gcónaí ar na hoileáin, agus tabharfaidh siad léargas ar leith, i nGaeilge agus i mBéarla, ar na háiteanna iontacha seo. Tá an cósta a thugann aghaidh ar an Atlantach ar Inis Meáin agus agus ar Ghabhla fíor-álainn le haillte agus rosa nó toir ag éirí aníos as an chósta.