Cúrsaí an tSamhraidh 2018

Beidh dhá chúrsa á n-eagrú ag Gaelturas i rith an tSamhraidh in 2018, a fhreastalóidh ar fhoghlaimeoirí de gach leibhéal.  €220 an táille reatha do na cúrsaí seo.  Tá dearbháin bhronntanais agus rátaí grúpa ar fáil ó Gaelturas fosta – cuir scairt ar Chormac ag an uimhir thuas le breis eolais a fháil.

Más spéis leat clárú le haghaidh chúrsa i samhradh 2018 gliogáil an cúrsa cuí thíos agus tabharfar chuig an leathanach clárúcháin tú.