Maidir le Gaelturas

Is eagraíocht Ghaeilge é Gaelturas a eagraíonn laethanta saoire teanga agus cultúir do dhaoine fásta. Tá muid lonnaithe i nGaoth Dobhair, Dún na nGall. Tá Gaelturas díograiseach dúthrachtach fá na traidisiúin teanga agus cultúir atá i nGaeltacht an Iarthuaiscirt.

Tá sé d’aidhm againn tusa an foghlaimeoir a chur i lár an traidisiúin sin agus tú ar chúrsa seachtaine. Cuirfimid teanga bhríomhar agus cultúr saibhir atá sa cheantar leis na mílte bliain i do láthair i gcúrsa foghlama taitneamhach dlúthchairdiúil. Beidh teanga agus cultúr an cheantair á fhoghlaim agat ó dhaoine áitiúla atá ar maos sa traidisiún ársa seo.

Doimnic i mbun ceoil istigh i nGabhlaBeidh muid do do threorú ar chasáin neamhghnátha trí áilleacht agus stair iontach na coda seo de Thír Chonaill agus beidh tú ag glacadh páirte i dtraidisiún beo na teanga agus an chultúir le seisiúin ceoil, coirmeacha ceoil, céilithe agus craic i rith na tráthnóntaí samhraidh.