Cúrsaí

Gheobhaidh tú barúil thíos den dóigh a chaitear an lá ar ár gcrúsaí seachtaine

Maidin

Tá leagan amach an chúrsa i nGaelturas bunaithe den chuid is mó ar chomhrá Gaeilge.  12 ar a mhéid a bhíonn sa rang, sa dóigh go mbeidh an oiread teagmhála is féidir ag na mic léinn leis na teagascóirí.  Is oideachóirí oilte iad na teagascóirí a fáisceadh as an teanga agus an traidisiún áitiúil.  Beidh trí leibhéal éagsúla i ngné na Gaeilge den chúrsa, bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal.  Ranganna comhrá is mó a bheith ann sa bhunleibhéal agus sa mheánleibhéal agus beidh meascán de d’aonaid chomhrá agus gramadí agus litríochta ag an ardleibhéal.

Register Now


Luath-thráthnóna

Beidh deis ag foghlaimeoirí sa luath-thráthnóna leanúint ar aghaidh le ranganna teanga nó páirt a ghlacadh i ranganna breise ar nós damhsa, amhránaíocht ar an sean-nós nó ceol. Beidh na ranganna á reachtáil go dátheangach le béim ar an ábhar atá tofa a fhoghlaim agus Gaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht phraiticiúil.

Register Now


Tráthnóna (3-6pm)

Sa tráthnóna téimid amach faoin aer agus muid ar saoise le Gaelturas, le teacht i dteagmháil le háilleacht iontach an dúlra sa dúiche seo i dTír Chonaill. Tabharfaimid na foghlaimeoirí chuig ceantair nach dtugtar cuairt orthu de ghnáth le fáil amach faoin stair, an dúlra agus an cultúr atá sa dúiche ghalánta seo. Rachaimid ar shiúlóidí fan an chósta agus na tránna, rachaimid ar thurais amach chuig na hoileáin ghleoite, Gabhla, Inis Bó Finne agus Inis Meáin agus beimid ag foghlaim faoin saoil a bhí ag na daoine ar feadh na mílte bliain sa cheantar fiáin seo ar imeall an Atlantaigh, agus rachaimid ag siúl ar na casáin áille sléibhe mar a mbeimid ag foghlaim faoi stair agus finscéalta an cheantair. Beidh na himeachtaí seo faoi threoir ó dhaoine áitiúla a inseoidh scéal Ghaoth Dobhair i nGaeilge agus i mBéarla. Gliogáil anseo fá choinne breis eolais faoi na himeachtaí faoin aer:

 

Register Now


Imeachtaí na hOíche

Tá gné shóisialta ár gcúrsaí fíorthábhachtach. Beidh deis ag na foghlaimeoirí bualadh le teagascóirí, le daoine áitiúla agus ar ndóigh lena chéile i dtimpeallacht shuaimhneach lena gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a scíth a ligean. Tá cuid mhór caitheamh aimsire sóisialta i nGaoth Dobhair i rith an tsamhraidh agus an chuid is mó de na himeachtaí ar bun i dTeach Hiúdaí Beag, teach leanna cáiliúil sa Bhun Beag. Beidh an fhoireann chairdiúil anseo foighdeach le Gaeilge an fhoghlaimeora agus bíonn daoine áitiúla ann a bhfuil cleachtadh acu ar chaint le lucht saoire ina dteanga féin. Eagraítear seisiúin cheoil go rialta anseo i rith an tsamhraidh, chomh maith le coirmeacha ceoil agus céilithe.

Register Now